Skip to content

Coiriulacht Essay Outline

This is an essay i wrote in 6th year. It isn't perect, there are probably some mistakes in it but I hope it will be some help!

 

Coiriúlacht - bagairt mhór na linne seo

An mbíonn tú ag féachaint ar an teilifís, ag éisteacht leis an raidió, nó an léann tú na nuachtáin na laethanta seo? Bhuel, i mo thuairim, má dhéanann tú aon cheann de na nithe seo, tá scéal éigin cloiste nó léite agat faoi choiriúlacht, táim cinnte dearfach de! Tá an fhadhb seo go mór i mbéal an phobail. Ní théann lá thart nach mbíonn tagairt den fhadhb seo sna lá thart nach mbíonn tagairt den fhadhb seo sna meáin. Tá siad líon lán de thuairiscí faoi fhir óga á n-ionsaí agus uaireanta á mharú, faoi ionsaithe ar theifigh agus ar eachtrannaigh, faoi chogadh áit éigin nó banéigean, faoi chreachadóireacht nó gné eile den iompar frithshóisialta.

Is mór idir inniu agus inné gan dabht ach ní inniu ná inné a tháinig an fhadhb seo chun solais. Tá an fhadhb seo chomh sean leis na cnoic! Ach sa lá atá inniu ann, tá na coirpigh agus na hionsaithe ag éirí níos brúidiúla, níos nimhní agus níos foréigní. Is bocht an scéal é gan dabht. Dealraítear gur foréigean fánach atá ann don chuid is mó agus tá ceannairí, polaiteoirí, tuismitheoirí, múinteoirí agus gnáth-daoine na tíre ag éirí an-bhuartha faoi. Tá daoine neamhurchóideacha ag fáil bháis. Cuirtear imeaglú ar dhaoine agus tá siad sceimhlithe ina mbeatha ina dtithe féin.

Ach céard is cúis leis an méadú seo i líon na n-ionsaithe ar na sráideanna agus, níos tábhachtaí, céard iad réitigh na bhfaidhbe nó an bhfuil a leithéid ann? Tá meascán de chúiseanna leis an bhfadhb seo. Tá cuid den locht ar an teilifís agus ar fhíschluichí. Tá an-iomarca íomhánna foréigneacha ar an teilifís go bhfuil páistí an-óg a féachaint orthu. Bíonn páistí ag imirt físchluichí nó cluichí ríomhaireachta atá foréignacha. Toisc go bhfaigheann siad pointí sna cluichí nuair a mharaíonn siad daoine, ceapann siad go bhfuil sé ceart go leor.

Gan aon amhras, tá baint láidir idir an fhadhb seo agus fadhb an alcóil agus drugaí. Nuair a bhíonn daoine ar meisce tar éis na gclubanna oíche agus na tithe tábhairne, bíonn trioblóid agus foréigean ar na sráideanna. Tá bhaint idir bochtanas agus coiriúlacht freisin. Sna ceantair bochta bíonn níos mó coiriúlachta agus drongadóirí. Sna háiteanna sin, tá níos mó andúiligh. Bíonn siad ag iarraidh airgid a fháil chun drugaí a cheannach ar aid nó ar éigean.

An bhfuil aon réiteach ar fhadhb na coiriúlachta? Bhuel, is mithid don Rialtas rud a dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb agus dá luaithe é is ea is fearr é! Ba cheart go mbeadh cúrsaí ar siúl sna scoileanna a chabhródh le daoine óga an baol a aithine agus an brú chun óil a throid, mar tá fochultúr na meisce sa tír seo agus níl sé cheart, tá údar imní ann anois. Tá cuid den locht ar na tuismitheoirí agus ba chóir go mbeadh níos mó smachta acu ar a bpáistí. Ní  bhíonn a fhois ag cuid den thuistí cá bhfuil a bpáistí nuair a théann siad amach lena gcairde nó ag ól. B’fhéidir dá gcuirfí níos mó gardaí ar na sráideanna go mbeadh níos lú daoine ag sárú an dlí. An bhfuilimid róbhog ar choirpigh? Ba cheart go mbeadh pionóis níos troime a chur orthu chun sochaí níos sábháilte a chruthú.

Cuireann sé alltacht orm go bhfuil fadhb na coiriúlachta i bhfad níos forleathnú anois ná riamh agus fós tá sé ag éirí níos measa. Níl an réiteach agam ach caithfidh an Rialtas agus gach uile duine oibriú le chéile chun é a leigheas. Tá sé deachair a rá cad is féidir leis na gnáth daoine a dhéanamh ach leanúint ar aghaidh ag cothú cairdis agus tuisceanna i measc daoine. Caithfear a bheith dóchasach do dtiocfaidh feabhas ar an scéal seo, ach an dtarlóidh sé choíche? Bhuel, mar a deir an seanfhocal, “Is maith an scéalaí an aimsir!”

  


Дверь приоткрылась на несколько сантиметров. Они держали ее что было сил, но сопротивление оказалось чересчур сильным и створки снова сомкнулись. - Подождите, - сказала Сьюзан, меняя позицию и придвигаясь ближе.  - Хорошо, теперь давайте.